← Pósadh ar an mBlascaod Mór 🔊✎
← Sliocht as An t-Oileán a Bhí, le Máire Ní Ghaoithín (An Clóchomhar Tta., 1978). 🔊
← Théadh athair an bhuachalla agus duine de na comharsain go tig an chailín. 🔊✎
← Bhíodh buidéal biotáile acu chun sláinte an lanúin óig a ól, nó uaireanta chun athair nó muintir a bhogadh chun iníon a fháil agus chun an cleamhnas a dhéanamh. 🔊✎
← Má dheintí an cleamhnas, théidís don Daingean. 🔊✎
← Cheannaidís éadach chun culaith nua i gcomhair lá an phosta. 🔊✎
← Nuair a bhíodh an chulaith nua déanta ag an maintín don gcailín agus an chulaith nua déanta ag an dtáilliúir don mbuachaill thagaidís abhaile don oileán. 🔊✎
← Lá arna mhárach, thugaidís cuireadh do mhuintir an oileáin go léir agus dá ngaolta i nDún Chaoin agus théidis ar an mBuailtín go dtí an sagart paróiste chun iad a phósadh. 🔊✎
← Tar éis pósta bhíodh rince agus ceol, amhránaíocht agus spórt acu i dtig tábhairne ar an mBuailtín go tráthnóna. 🔊✎
← Thugaidís bairille leanna duibhe leo agus buidéal fíona do na mná, agus cad é an oíche a bhíodh acu go maidin, seanamhráin bhreátha, ceol agus rince. 🔊✎
← Siar san oíche ag druidim le críochnú na bainise, d'éiríodh fear aosta an tí ina sheasamh, bheireadh sé ar bhabhla ón ndriosúr, bhriseadh sé é i lár an tí agus deireadh, "faighim deireadh leis!" 🔊
← Is chun ádh a thabhairt ar an lánúin óg a bhristí an babhla. 🔊✎
← B'fhuirist cleamhnas a dhéanamh ar an oileán dá mbeadh an bheirt óg sásta lena chéile, mar ní bhíodh aon spré á lorg. 🔊✎
← Má bhíodh talamh ag athair an bhuachalla, bhíodh ar athair an chailín spré a dhíol, chun buanaíocht a fháil ar an dtig agus ar an dtalamh dá iníon. 🔊✎
← Is minic a bhristí an cleamhnas mura mbeadh an spré ag athair an chailín. 🔊✎